School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Location:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
- Teacher: Máire Ní Mhainnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- XML Page 544
- XML “Scéal - Fionn agus an Gruagach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ar sé lé na mháthair.
Tháinig an Gruagach isteach go láidir teann agus dhein sé aníos ar an g-cliabhán.
"Cad é an t-aos an leanbh?" ar sé.
"Trí mhí ars an bhean.
"N'fheadar an bhfuil aon fhocal aige" ar sé, ag sáthadh a mhéire siar na bhéal. Luig Fionn go maith air agus chuir ins na treathaí dúbha lé pian é.
"Is láidir an leanbh é" ar sé. Agus deir daoine go bin é an uair a fuair Fionn an fios 'ón órdóig.
"Cá bhfuil na Fianna?" ar sé.
"Táid ag fiadhach, agus go deimhin a chroidhe ní fearr dhuit sa bhaile iad mar mharbhóchaidís thu", ar sí.
"Ní fheadar é sin" arsan Gruagach.
"Cad é an biadh a bhíonn aca" ar sé.
"Seo duit cuid do" ars sí ag caitheamh stráice do'n ghreideall chuige agus gráinne mine croithte ar gach taobh do agus muga lán do bhainne caorach.
"Ó is méith na fiacla atá aca" ar sé ag sathadh stráice dho siar na bhéal agus dá chogaint go láidir.
Cad é 'n caitheamh aimsire a bhíonn ag na Féinne arsé annsan(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Catháin
- Gender
- Female
- Informant
- Donnchadh Ó Mainín
- Gender
- Male
- Address
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry