Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Suíomh:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Ní Mhainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)goid. "Dubhairt m'athair leat is é ag fagháilt bháis" ars an buachaill "aon chéard a mhaith liom a thabhairt dhom". "Ní dubhairt" ar sí sin. "Ní fearra dhuit rud a dhéanfá" ar sé "ná dul go dtí 'n uaigh agus fiafraighe dho cad é 'n cheárd a thabharfair dham" Seadh nuair thuit an oidhche chuaidh an t-seanbhean 'on uaig go raibh a mac féin curtha. Ach má chuaidh bhí mo bhuachaill imthighthe 'on comhgar roimpe. "Cad é 'n cheárd a thabharfaidh mé do d'mhac"? ar sí sin leis an duine marbh labhair an garsún "Bitheamhantaidheacht" arsa mo bhuachaill. Ghluais an t-sean-bhean abhaile ach má ghluais bhí sé siúd sa bhaile roimpe. "Cad dubhairt sé leat?" ar sé. "Ní dubhairt sé faic a ghradh ghil" ar sise. "Caithfir dul istoidhche amáireach arís feach cad dearfaidh sé leat" arsa sé. D'imthig sí is t-oidhche amáireach agus bhí mo chladhaire roimpe. Chuir sí an cheist agus b'é 'n freagra céadna fuair sí. Ghluais sí abhaile agus bhí an garsún sa bhaile roimpe. "Cad dubhairt sé leat?" ar sé. "An cheárd bhí uait tá sí agat" ar sí "an bitheamantaidheacht". Bhí sé 'na teannta sa bhaile annsan ar feadh seachtmhaine ach má bhí ní fada uaidh a bhí comhnuidhe ar an gadaidhe dubh. I ndeire na seachtmhaine dubhairt sé le n-a máthair go raghadh sé le céird go dtí 'n gaduidhe dubh.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlin Ni Ghearailt
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Márthain, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Tomás Mhártain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Márthain, Co. Chiarraí