Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Suíomh:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Ní Mhainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)& bailibh sé leis. "An bhfuileann tú go maith chuin gaduidheachta?" ars an Gaduidhe. "Nílim go h-olc" ars an buachaill. "Tabharfad cúig puint déag dhuit i gceann bliadna má bhíonn sé tuillte go maith agat" ars an gaduidhe. Bhí beirt gharsún eile ag foghluim a gcéirde aige.
Seadh do bhí ministir 'na chomhnuidhe tamall uatha. Bhí an Nodhlaig ag déanamh ortha & bhí deich gcinn do chaoirig móra ramhra aige go raibh oiread col ins gach aon cheann aca. "Ná mór an truagh gan na caoire a ghuid ó 'n ministir" ars an garsún leis an gaduidhe. "Ní fheadfá iad san a ghuid" arsa sé. Ná feiceann tú na cloigíní atá ar mhuineál gach aon cheann dhíobh? Có luath & thiománfá iad bhreithfí ort". "Cuirfidh mé geall go ngoidfidh mé iad" ars an buachaill "má chuireann tusa an bheirt eile le m' chois". "Cuirfead gan amhras" ars an gaduidhe. Seadh i lár na h-oidhche d'imthig an triúr fé dhéin na gcaorach. B'shuíd a mbagairt leo iad ach má dheineadar bhraith buachaillí an mhinistir iad & thángadar suas leo. Cad a dhein mo leaid ach dul fé 'n droichead a bhí ar an mbóthar & iad a scaoileadh thairis. Do lean buachaillí an ministir an bheirt eile stair mhór Eireann ó bhaile. Ní dhéin an garsún ach na caoire a thiomáint(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlin Ni Ghearailt
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Márthain, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Tomás Mhártain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Márthain, Co. Chiarraí