Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Suíomh:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Ní Mhainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dubhairt sé an bhulóig mhór agus a malacht. "Is mór an nídh an méid sin i n-agaidh an bhóthair. Beidh sí agam" ar seisean agus d'imthig sé leis. Fé thráthnóna, bhí ocras air agus shuidh sé síos in aice tobair fíor uisce, agus thosnuig ag ithe. I gcionn tamaill tháinig spideog chuige agus dubhairt."An bhfuil brúscar nó bráscar agat a thabharfainn dom ghearrcaig atá i bpoll an chlaidhe le rátha"
Dubhairt an fear á freagairt
"Níl mo sháith agam féin gan tusa is do chuid gearrcach a bheith im chiapadh is im chradhadh ar lorg mo bhruscair."
Tharraing an spideoig a h-eirball tríd an uisce agus dhein uachtar fola agus iochtar meala dho i dtreo ná feadfadh an fear aon bhraon uisce a dh'ól. D'imthig sé leis ag lorg oibre ach ní go maith a bhí ag eirge leis.
I gcionn bliana dubhairt an dára mac go n-iomtheochadh sé féin ag lorg oibre, agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máirín Bhodhlaeir
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Cáit Bean Uí Sheaghda
- Inscne
- Baineann