School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Location:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
- Teacher: Máire Ní Mhainnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Dubhairt sé an bhulóig mhór agus a malacht. "Is mór an nídh an méid sin i n-agaidh an bhóthair. Beidh sí agam" ar seisean agus d'imthig sé leis. Fé thráthnóna, bhí ocras air agus shuidh sé síos in aice tobair fíor uisce, agus thosnuig ag ithe. I gcionn tamaill tháinig spideog chuige agus dubhairt."An bhfuil brúscar nó bráscar agat a thabharfainn dom ghearrcaig atá i bpoll an chlaidhe le rátha"
Dubhairt an fear á freagairt
"Níl mo sháith agam féin gan tusa is do chuid gearrcach a bheith im chiapadh is im chradhadh ar lorg mo bhruscair."
Tharraing an spideoig a h-eirball tríd an uisce agus dhein uachtar fola agus iochtar meala dho i dtreo ná feadfadh an fear aon bhraon uisce a dh'ól. D'imthig sé leis ag lorg oibre ach ní go maith a bhí ag eirge leis.
I gcionn bliana dubhairt an dára mac go n-iomtheochadh sé féin ag lorg oibre, agus(continues on next page)- Collector
- Máirín Bhodhlaeir
- Gender
- Female
- Informant
- Cáit Bean Uí Sheaghda
- Gender
- Female