Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Suíomh:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Ní Mhainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí mac feirmeóra fadó ann agus thuit sé i ngrádh le bean ná feacaidh sé riamh. Ní fhéadfadh an saoghal mór é a chosc ar imtheacht ar a tóir, bhí grádh chomh mór san aige do'n mbean ná feacaidh sé riamh. D'iarr sé ar a athair costas an bhóthair a thabhairt do. Thug an t-athair capall iallaite dho agus cúig púint déag chun an bhóthair. D'imthig sé air agus e ag cur an bhóthair do bhí cóirí agus corp [?] leagaithe acu ar chrosaire le cur.
D'fhiafruig sé dhíobh cad na thaobh ná cuirfidhe an corp. Dúbhradar ná cuirfidhe mar go raibh £10 fiacha air agus ní leigfidhe as an dtoirt é go ndíolfidhe na deich bpúint. Chuaidh sé isteach eadortha is do shín sé chúchu [?] na deich bpúint as. Thógadar leo annsan é chun an teampaill. D'imthigh Seán i n-aoinfeacht le sa chóiridhe. Nuair a leigeadar uatha an comhra ar a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Chiobháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Gorta Dubha, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Cinnéide
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Fíodóir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Gorta Dubha, Co. Chiarraí