Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Suíomh:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Ní Mhainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dtalamh tháinig fear eile 'na ndiaidh go raibh £5 fiacha aige air is ní leigfeadh sé dhóibh é chur. Dhíol Seán na chúig púint as is ní raibh aon nídh aige féin annsan. Nuair a cuireadh é bhailig Jack leis. Agus é ag cur an bhóthair dho casadh buachaill air. D'fhiafruig sé dho Jack an dtógfadh sé i naimsir é.
"An diabhal" arsa Jack "ní fhéadfainnse aon duine thógaint i n-aimsir mar ná fuil aon nídh agam a dhíolfadh é go ceann bliana". "Ná bac é " arsan buachaill "ach déanfaidmíd margadh, bheith leath-beirthe, leath chaillte le na chéile go mbeidh an bliain caithte". "Tá go maith" arsa Jack. Bhíodar ag cur díobh go raibh an tráthnóna ag teacht ortha agus bhuail cúirt leo ar an slighe. "Raghad-sa annso isteach" arsa Jack. "B'fhéidir go bhfaighmís lóistín na h-oidhche innte". Is amhlaidh a bhí ná cúirt fathaigh. D'imthig Jack go dtáinig sé go dtí an fathach agus dubhairt sé go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Chiobháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Gorta Dubha, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Cinnéide
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Fíodóir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Gorta Dubha, Co. Chiarraí