Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh

Suíomh:
Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Ní Mhainnín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 582

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 582

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
  2. XML Leathanach 582
  3. XML “Scéal Ceathrúil”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ní fhéadfadh sé na bróga a dheanamh gan a tuise a thógaint, ach dubhairt an Rí gur féidir a tuise a thabhairt chuige. Tugadh an tuise chuige agus dhein sé na bróga go deas is go greanta ach dfág sé ceann aca adhbhar beag i dtreo is na raghadh sí uirthe. Nuair a fuair sí na bróga ní raibh a sárú le fághail ach ní raghadh ceann aca uirthi. Sé thastuig ó'n ngreasaidhe ná go gcaithfí í a scaoileadh chuige agus go bhfagadh sí radharc ar an mball searca. Chuir sé scéala go dtí 'n Rí go ndeanfadh sé níos fearr iad dá leigti do féin a tuise do thogaint. Ní raibh a h-athair sásta leis sin ach chaith sé a thoil a thabhairt dí féin. Do glaodhadh isteach ar an ngreasaidhe chun a tuise a thógaint, agus le linn do bheith a dheanamh so thasbáin sé an ball dí. Do thuit sí i ngrád leis ach ní raibh aon dul aici air mar go raibh fear uasal ag a h-athair na comhair agus bhíodar le pósadh sara fada. Do dhein sé na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlin de Lonndra
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Siobhán Bean Uí Lubhaig
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile an Chalaidh, Co. Chiarraí