Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Suíomh:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Ní Mhainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)inghean Rí na Tartaire níos breágtha go mór ná í agus nár tháinig fá n-a déin fós fear a thaithneochadh léi mar chéile pósta. D'imthig sé leis agus dfág sé a bhean 'na dhiaidh agus stad ná staonadh níor dhein sé go mbain sé amach an áit 'na raibh sí na comhnaidhe. Ní raibh aon dul aige ar í siúd dfeicsint amhthach mar bhí sí in-áirde i seomra i mbarr an (tighe) chaisleáin. Bhí sé ag cur 's ag cúiteamh agus fé dheire chuimhnig sé ar sheift. Cheannuigh sé beagán leathair chun bheith ag greasaidheacht sa bhaile mhór. Ní raibh a shárú le fagháil in aon bhall mar ghreasaidhe. An bhróg a dheineadh sé ní thiocfadh le h-aon cheárdaí eile an buadh d'fagailt uirthe ná a mhac-samhail dí adheanamh. Bhí an-trácht aige agus níorbh fada go gcuir an Rí bróga a n-deanamh chuige. Nuair a chonnaic inghean an Rí iad ní raibh stad ná staonadh le dul uirthe go bhfagadh sí féin peidhre(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlin de Lonndra
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Siobhán Bean Uí Lubhaig
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Chalaidh, Co. Chiarraí