Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Suíomh:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Ní Mhainnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agamsa le déanamh" arsan buachaill. D'imthig Jack leis annsan 'na ndiait. Nuair a thángadar go dtín mbád "Séol a bháid" arsan máighistreás "táimse istig". "Séol a bháid" arsan cailín friothala "táimse istig". "Séol a bháid" arsa Jack "táimse leis istig". Líon Jack an bád do chlocha an oidhche sin nuair imthigheadar mar bhí fhios aige go mbead moill air.
Ba mhó ná san an clabhta a thug sí an oidhche sin do'n bhfathach. Dubhairt sé muna mbeadh an ceann ar maidin aige go dtabharfadh sí féin an phóg deirnach anocht do.
Ní fhéadfadh aon nídh an ceann a bhaint díom-sa arsan fathach ach claidheamh mo dhriothár críonna agus bhí an claidheamh san aige Jack.
Ach a mbainfear an ceann díom-sa ar seisean eireóchaidh sé anáirde sa spéir agus tiocfadh sé anuas cruínn díreach aríst agus raghadh sé síos an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Chiobháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Gorta Dubha, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Cinnéide
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Fíodóir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Gorta Dubha, Co. Chiarraí