Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí lánamnú thiar i nDún Chaoin fadó agus do bhí triúr mach aco agus aon inghean amháin. Móire dobh eadh ainm na mnaoí agus Donnachadh Dí a bead ainm an fhir. Ní stadad an lánamnú acht ag asmhúchán agus ag bruigheann le chéile.
Aon lá amháin bhí Donnachadh ag baint chraobh air bharra an chnoic agus tháinig cóch ghaoithe air a thóg san aer é agus níor stadh na staon a dhein sé nú go dtáinig sé anuas in uachtar Co an Dúin agus tá baile ainmighthe ann air a dtugtar Domhnac Diag agus tá sé na shean-fhocal ó shoin sé sin "Ó Thig Mhóire go dtí Donnachadh Díagh".
Maidean Domhnaig nuair d'eirig na triúr Mach chonnaicheadar lúng amuig i mbeal an Chuain agus chuireadar Naomóg air snámh agus léimeadar isteach ínnti agus chuadar amach go dtí an lúng féachaint cad a bhí ínnti agus cheangaleadar an Naomóg di agus chuadar air bord na luinge.
Ní raibh éinne air bórd rómpa acht seana(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Dómhnall Ó Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 15
- Seoladh
- Baile na nGall, Co. Chiarraí