Scoil: Scoil N. Breandán

Suíomh:
Baile na nGall, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Tadhg Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 215

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 215

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Breandán
  2. XML Leathanach 215
  3. XML “An Brianach Óg”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    (V)
    Bhí tíghearnai Shasana ann agus Íarlai Albain,
    Captaoin farraige is a long faoi ceól,
    Bhí na bráithre beannuighthe ag leígheamh an aifrinn,
    Ag déanamh seanchus don Bhríanach Óg.

    (VI)
    Tosnuigheann báire i gCúan FionnTrágha thíár,
    Is gach oileáinín dá mbíodh am threó,
    Mar a mbíodh an tiománai ó Cho Chlaír ann
    Ó Portláirge is ón mBaile Núadh.

    (VII)
    Bhiodh beirt ón Ráth ann is triúr ón Spáin,
    Ceathrar sár-fhear agus lucht an cheóíl,
    Bhí fir is mná ag ól ár slaínte
    Is go n-eiríghe an lá leis an mBríanach Óg.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Catháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile na bhFionnúrach, Co. Chiarraí