Scoil: Scoil N. Breandán
- Suíomh:
- Baile na nGall, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tadhg Ó Caomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Breandán
- XML Leathanach 219
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“A Mhuiris Uí Chúill mo mhíle léan thú.”
A Mhuiris Uí Chuíll mo mhíle léan thú
Is tú an Dochtúir díocht do bhíodh ag leigheas gach aoinne
Do fúairis-se power agus grásta an Aon Mhic
Agus sé mo chumha ró mhór mar is luath do d'éagais.Ba bhreá liom tú i'd sheasamh ar faitche nú ar bhínse
Nó ag léigheamh an Aifrinn i bpobal Dhúnchaoin thiar
Nú ag fiadhach led chapall ar bharra na duidhche
Cé go bhfuartha mar tú i mbaile cois taoide.Ba bhreágh liom id sheasamh tú ar maidin san éide
Do dhá shuil ghlasa ag teasbaint lé na chéile
Do dhá chrobh geala ba chailce na ndiaidh sin
Agus iad go h-órnáideach ag tógáil an Cuirp Naomtha.Lé línn do mhairbh thainig t-athair ad fhéachaint
Is do dhrifiúirín ubhal bhí go h-uaigneach taobh leat
Ad shíne suas i suan gan faoiseamh
Agus rosc do shuil dá dhúnadh i naomfheacht.Níor b-aon ionghnadh liomsa dá ndúnfadh na spéartha
Is go nionpóchadh an ghrian siar tar Eirinn
Is go dtuitfeadh na cnuic anúas ar na sléibhte
Ins an áit úd mar cailleadh an sagart breág naomhthaBhí an t-Athair Seán O Cathasa go grádhmhail séimh duit(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Bheaglaoí
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile na bhFionnúrach, Co. Chiarraí