Scoil: Scoil N. Breandán
- Suíomh:
- Baile na nGall, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tadhg Ó Caomháin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 242](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0421%2FCBES_0421_242.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 242
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Breandán
- XML Leathanach 242
- XML “Scéilín”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do mhar lanamhna ann fadó i dtig leó féin agus driothfúr don bhfear na dteannta. Lá amháin dúbhairt an driotfúr leis an bfear ná raibh aon mheas ag a bhean air agus do dheineadar súas íad féin na chóir. Shín an fear siar ar an mbórd agus cuir an driotfúr eadach bán anúás ar agus tosnaig ar ologón a dheunamh. Do shuid sí síos in aice na teine agus í ag caoineadh an fear a bhí ar an mbórd . Ansan tháinig an bean eile isteach agus sgaoil an driothfúr fúithi mar seo:-
" bean úd thall go bfuil ort síoda
Ná tiocfá anall agus is fear do chaoineadh"!
"Caoidhinse anois é agus caoin go bínn é
Mar geóbhathsa fear mar a bfuilim críonna
Driotháir ni bhfaighirse anois ná coidhche".
Sin é an úair a bhí fhios ag an bfear na raibh aon grádh aige na bhean do.- Faisnéiseoir
- Siobhán Ní Muicheartaig
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Lochaigh, Co. Chiarraí