Scoil: Scoil N. Breandán

Suíomh:
Baile na nGall, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Tadhg Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 256

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 256

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Breandán
  2. XML Leathanach 256
  3. XML “Filíocht”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 1.
    Mo chreach mar tháinig an tír seo riamh
    Mar d'fhágais Eire mo stór im dhiaidh
    Ag cúineamh go dúbhach ar an aimsir fadó
    Mar bhíodh againn féin sult agus seó
    2.
    Is maith is is cuimhin liom an mhaidean bhog úr
    Nuair d'fágas slán ag mo mháthair bocht
    Dubhairt muintir an bhaile ag síor silleadh deór
    Slán leat a Sheamuis ní d'fillir níos mo
    3.
    Rugas liom mála go gcuirfinn ann an tór
    Is d'fáisgeas go Dainghean córda ar a thóin
    Ar eagla go n-imteochadh an t-airgead uaim
    Bíos chun capall do cheannach dom mháthair agus uan
    4.
    Is mar sin do caitheas tamall dom saoghal
    Ó bhaile go baile gan taointe ar mo taobh
    Chun mé do bhreith saor thar stoirm is gaoth
    Chun go mbheinn am dhuine uasal i gcaitheamh mo shaoghal
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Cnéide
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Chlais, Co. Chiarraí