Scoil: Ceann Trágha (Ventry)
- Suíomh:
- Ceann Trá, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Donncha Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Aon lá amháin bhí Fionn Mac Cumhail ag cnuasadh bárnaig inaice le Dún an Óir. Do bhuail chuige isteach triur fear gorma. Do labharadar leis agus d'iarradar air cá raibh Fionn Mac Cumhail mar bhíodar á lorg chun é chuir cun báis. Dubhairt sé sin le ná raibh aon aithne aige air ach gach duine a tháinig chuige cun é chur chun báis gur mhairbh sé iad. Dubharadar san leis nach báthfadh uisge iad na dóighadhfad teine agus na mairbeochadh claideamh iad. Do dhein Fionn teine mhór agus chuir sé isteach ann iad agus bhíodar ag dul isteach. Ansan do shín sé ar an dtalamh iad agus thuig sé trí buille dá chlaidheamh dóibh ach níor mhairbh sé iad. Nuair a gheibheadh gach duine acu buille de chlaideamh Finn deireadh sé gur bé an buile ba chruiadhe a fuair sé riamh. Rug Fionn amach sa bhfairrge annsan iad agus chuir sé cloch an mhuineál gach duine acu agus sgaoil sé síos go tóin na farrge iad.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Micheál Ruiséal
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Mám an Óraigh, Co. Chiarraí