Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)éigin aca a dtabhairt go dtí an roilig. Lá áirighthe bhí an mháthair ag tabhairt an mhic deireannach dtí an roilig agus bhuail bean ó Gleann Luic í. Dúbhairt an bhean ó Gleann Luic léi teacht isteach nuair a bheadh an mac curtha agus go mbeadh cúpla prátaí róstaighthe aici dhi. Do tháinig agus bhí an oiread san ocrais uirthe go ndúbhairt sí gur maith an rud nách iad na prátaí a bhí curtha sa roilig in ionad a mic. Thughadh sí gach mac léi go dtí an roilig ar a drom. Bhí an Cholera annso leis le linn an ghorta. 'Sé an biadh a bhíodh aca na picil éisg agus císte buidhe. Thug na Sasnaig súp dóibh agus thug na Sagairt min buidhe. Lobhaidh na prátaí istig ins na seomraí mar tháinig tuille mór a chuaidh isteach ins na seomraí. Bhíodh drom na ndaoine leis na dóirse ag iarraidh an tuille do choimeád amach. Dá bhfásgadh na turnapaí féin an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheál Ó Fiannachta
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Rinn Bheag, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Fiannachta
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Rinn Bheag, Co. Chiarraí