Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0424, Leathanach 151](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0424%2FCBES_0424_151.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0424, Leathanach 151
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)raghad. Isteach chun Ceann Tairbh a bhíodar ag dul. Do thuit Tomás na codhladh. Taréis tamaill do glaoidh a dearbhráthair ar Thomás. Nuair a dhúisigh sé d'fiafruig sé dá dearbhráthair cé h-iad na daoine a bhí cúcha isteach. Do cheap an dearbhráthair gur spearmhrúidí a bhí air agus dúbhairt sé leis ná feaca sé aoinne. Ní speamhrúidí atá orm-sa arsa Tomás. Ní túisge bhí sé ráidhte aige ná iompuig an bád agus bádhadh an beirt aca.Máire Ní Gríbhthín, Baile Móir, Dainghean.
Thug Seán Ó Cathasaig, Baile an Góilín, Dainghean, dom é. - Sgéal
Nuair a tháinig an Tíghearna Fionntrágha go Baile an Góilín bhí scata beidhthidheach agus caorac aige. Dá bhrígh sin bhíodh scata gadaighthe ag faire air. Bhí fhios ag an Tíghearna Fionntrágha é sin. Bhíodh triúr fear thoir ag an Rinn aige ag faire. Bhíodh bothanna beaga tógtha ar barra na h-aille aca. Oidhche Nodlaig dúbhairt sé leó dul chun a thíghe féin mar go mbeadh féasta mór aca. An oidhche sin tháinig mórán(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Cathasaig
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Cathasaig
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí