Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ins gach tig dá bhfaghadh sé é.
Máire Ní Gríbhthín,Baile Móir, Daingean.
Thug Muiris Ó Gríbhthín, Baile Móir, Daingean.dom é. - Dóighteán
Tímcheall le deich mbliadhna fichead ó shoin do dóghadh stáca coirce air Muiris Ó Cléirigh ó Baile Móir. Bhí Muiris Ó Cléirigh agus fear eile ón mBaile thuas i mbarra Cnuic Baile Mhóir. D'feacadar síos agus chonnacadar an dóighteán mór. Ceap Muiris Ó Cléirigh gur b'é Tig muinntir Néill a bhí ag lasadh agus thosnuig sé ag gáiridhe. D'fhág sé an cnoc agus tháinig sé leath-slíghe síos. Is é a fuair an phreab nuair a chonnaic sé a stáca féin tré theine. Is é an slíghe a lasadh é ná thug duine dos na leanbhaí bosca lasáin leis agus las sé an stáca. Tháinig muinntir an Chuaisín go léir chuige agus thugadar uisge aníos ó'n bhfairrge agus mhúchadar an teine. Deirtear mara mbeadh go múchadh é go ndóghfaí an Cuaisín go léir.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ghríbhthín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Eóghan Ó Fiannachta
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Chiarraí