Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tógtha. I bpoll mór doimhin a bhí sé tógtha. Bhí mórán trom ag fás tímcheall na sgoile. Fear do mhuinntir Shúilleabháin a bhíodh ag mhúineadh. Deirtear gurbh ón nDainghean é. Tráthnóna deireannach a bhíodh sé ag múineadh mar bhíodh eagla air roimh na Sasanaig. Tímcheall le cúig duine déag a gheaobhadh slíghe sa scoil. Do caitheadh mórán dos na daoine Béarla do labhairt an uair sin agus agus tabharfadh na leanbhaí Gaedhluinn. Ní raibh aon phágh do mhúinnteóir an uair sin agus do b'éigean do gach duine go raibh aon nídh aca leath-raol sa tseachtmhain a dhíol. Na daoine ná bhíodh san aca thugaidís bainne nó arán nó feóil do. Tá an poll ina raibh an sgoil le fescint fós agus tá crann mór truim ag fás in aice na h-áite. Bhí rian na sgoile le fescint ann go dtí le deich mbliadhna ó shoin. Leagadh an uair sin é nuair a bhí na daoine ag tógaint na tighthe nuadha tímcheall na h-áite seo.Máire Ní Gríbhthín, Baile Móir, Dainghean.
Thug Seán Ó Cathasaig, Baile an Góilín, Dainghean, dom é.- Bailitheoir
- Máire Ní Ghríbhthín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Cathasaig
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí