Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Suíomh:
Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An tSr. Máire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 105

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 105

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Leathanach 105
  3. XML “Mac Tiarna Cnoc Bhréanainn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Lánamha fhíor-bhocht a bhí ina gcómhnuidhe thiar ar thaobh Cnoc-bhréanainn uair. Ní raibh sa saoghal acu acht sgata gabhar ar an gcnoc agus bothán beag chun comhnuighe. Mac amháin a bhí acu agus nuair d'fhás sé suas ní raibh sé sásta bheith i dtaobh le cliathán cnuic mar slighe bheathaidh, agus d'imthigh sé uatha ag lorg a fhoirtiúna síos amach. Bhí uaigneas ar an sean-bheirt é scaoileadh uatha acht ó bhraitheadar éirim árd fé dubhradar nár bhfiú é chosg acht a mbeannacht a chur leis, rud a dheineadar.
    Cheannuigh sé culaith breágh éadaigh sa Daingean, mar bhí fhios aige gurbh' é an duine an t-éadach, agus d'fhonn is go mbeadh sé ina dhuine uasal ceart cheannuigh sé roinnt ciarsúirí sioda, agus chuir chuige ina phóca iad. Siúd leis annsan agus nior stad Dia leis gur bhain sé Baile Átha Cliath amach mar bhí fhios aige gurbh' shin baile go mbeadh sé fuirist dó, le feabhas a ghothaí, do chur i bhfeidhm gur duine mór é féin.
    Bhí sé lá ann agus é ag siubhal sa tsráid agus é ag faire na foirtiúna a gheobhadh chuige nuair do chonnaic sé bean uasal fé shíoda agus fé shról ag teacht ina threo.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1455: The Hard‑hearted Fiancée
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Mhurchadha
    Inscne
    Baineann
    Gairm bheatha
    Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Baile Loiscthe, Co. Chiarraí