Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 113](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0425%2FCBES_0425_113.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 113
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus as go brách leo fé dhéin Árd-na-Caithne agus iad ag satailt ar a chéile leis an bhfuadar a bhí fútha.
Chómh luath is do bhí an tigh fúithe féin airís ag an mnaoi do nigh sí cosa na gcearc, agus do chuir sí an tlúgh isteach sa teine fé mar a dubhairt an guth léi. Do chuaidh na púcaí go dtí Árd-na-Caithne ach níor bhfada gur fhilleadar airís go dtí tigh na mná. Labhradar agus ar siad :
"A chearc leig dúinn dul isteach".
"Ní leigfidh mé," arsa'n chearc,
"conus a bheinn ag sailiú mo chos díbh-se ?"
Annsan labhradar leis an tlúigh.
"A thlúigh oscail an doras dúinn," ar siad.
"Conus d'fhéadfainn teacht amach as an teine dhíbh-se?"arsa'n tlúgh.
Annsan do chuaidh na púcaí suas go dtí barr an tighe agus dheineadar poll mór ann. Bhiodar chun an bhean do bheirbhiú tréis dul isteach dóibh nuair do ghlaoidh an coileach agus b'éigean dóibh dul abhaile go h-Árd-na-Caithne.- Faisnéiseoir
- Brighid Bean Uí Chinnéide
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 82
- Gairm bheatha
- Siopadóir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí