Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cailín tig beag cluthmhair suas insan leath sin de'n bhfeirm taréis cúpla bliadhan eile mar do chabhruigh an chéad cailín léi go mór mór chun an tig a chur suas. Do chabhruigheadar go leir le chéile agus leis an gcuid eile de'n chlann chómh maith.
Do mhaireadar go léir go súghach sámh socair in oirthear Cho. an Chláir.
Tá siad marbh anois ach tá cuid d'á leanbhaí ann fós.
Sean-fhocail a bhaineas leis an sgéal seo:
1: Ní bhionn an rath muna mbionn an smacht.
2: Nuair a bhionn an cat amuich bionn an luch ag rinnce.
3: Ní theigheann ramhadh ó'n reidhteach.
4: Duine gach oibre is fusa a ghnó a dhéanamh.
5: Tosach na h-aicide is fusa a leigheas.
6: Is fearr sior-obair ná sár-obair.
7: Fliuchann fear an t-aon chaorach amháin a brat go maith le fear a sé is a seacht.
8: Tabhair an rún do'd dhriofúir agus an sparán do'd bhean.Nóta: Tá an sgéal seo sa leabhar eile a chuireas isteach cheana ach a mhalairt de leagan air.- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Gabhlán Ard, Co. Chiarraí