School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)so nuair a chuaidh sé amach chonnaic sé socraid airís.
Annsan tháinigh fear mór árd go dtí an doras agus labhair sé leis.
"Má bhionn tú amuigh an t-am so airís istoidhche", ar seisean "daorfaidh mé tú."
Chuaidh an fear bocht a chodladh annsan, is ní raibh sé amuigh chómh déanach san airís. - Uair amháin do bhí ina gcómhnuidhe i bpálás mór rí agus bainrioghain agus a mbeirt inghean, Maire agus Ríte. Caiín an-chrosta spriunlaithe do b'eadh Ríteis ní thiubhradh leath-phinginn do na bochtaibh. Aon oidhche amháin chuaidh an bheirt chailín amach ag spaisteoireacht do chonnaic Ríte madra mór dubh, is bhí se ag caitheamh teine amach as a bhéal.
"Ó a dheirbhiúirín dilis" ar sise, is do rug sí greim uirthe "an bhfeiceann tú an madra mór dubh ?"
"Ní fheicim aon nidh "arsa Maire.
Annsan díreach do léim an madra uirthe , ach do dhein sí cómhartha na Croise is d'imthigh sé.
Bhí folt fada órdha ar Mháire is bhí éad ag Ríte léithe. Aon tráthnóna breágh amháin agus an(continues on next page)- Collector
- Eibhlís Ní Chinnéide
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Informant
- Bean Uí Dhonnchadha
- Other names
- Bean Uí Dhonnchadha
- Eibhlís Nic Ghearailt
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Age
- 78
- Address
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry