Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- XML Leathanach 163
- XML (gan teideal)
- XML “Na Gamhna - Leagan Eile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Deirtear gurbh'í a dhriofúir a dhein an t-amhran so leanas do Tomás an éithigh...”
(ar lean ón leathanach roimhe)Is ba chara dhuit lá'n ghábhtair Mathair an Aoinmhic;
Ach beidh cóiriú do leabthan in Ifreann seólta,
Ó thréigis an creideamh is ní i bhFlaitheas na Glóire.- Ní le dairy mé féin gan amhras,
Bím im' chomhnuidhe cois gleannta
Botháinín beag aerach agus fuinneog ar a cheann deas,
Doras ar a thaobh is mé ag aodhaireacht mo ghamhna.Na gamhna , na gamhna, na gamhna geala bána
Na gamhna maidin samhraidh a' damhas ar na bántaibh.Gabhann siad siar is aniar cois calaidh
Is cuma leo 'na thráigh é nó lán suas go barra;
Do chuirfinn-se faisean thios agus thuas ort
Ribíní dearga ag ceangal do chuid gruaige.Na gamhna, na gamhna 7rl.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Uí Cheárnaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Gairm bheatha
- Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí