Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- XML Leathanach 167
- XML “Beauty Deas an Oileáin - Amhrán a Deineadh do Naomhóig”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ní brúitigh iad siúd ach sciúirsí dearg gan cáim,
Ag a bhfuil achfuinn is luach do réir duthchais achfuinn is gnáth,
A mbeadh a thuille 'cu ar siubhal ó'n srúil amach go dtí an bháire
Go mbeadh a dteanga is a súile cómh súidhte is bheadh marbh ar clár.
A Sheáin an oileáin ní mheadhaim go bhfuil 'n tú fíor.
Ná go bhfuil insa h-oileáin fial fáilteach fairsinge groidhe
Nuair a shéideann na gála seacht mbáid ag dul inár ndiaidh.
I gcionn loistín naoi lá ní gádh leo pinginn a dhíol.Tháinig sí chugham go cúmtha ó bhaile 'n Chaisleáin
Ag obair go gleoidhte is a idir dá láimh,
Do thógfadh sí cubhar is do sceinnfeadh ó chléir [?]
Mar barra ar a ndubhairt a criú go dtugadh sí saor.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Uí Cheárnaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Gairm bheatha
- Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí