Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Beirt scoláire a bhíodh ag gabháil timcheall. Oidhche bhíodar istigh i dtigh agus iad tugtha traochta amach ó bheith ag siubhlóid. Thug fear bocht éan dóibh, agus bhí an t-éan acu agus bhíodar cheanamhail air.
Rug an t-éan ubh agus sé an rud a bhí ar an uibh scriobhta: "Aon duine a íosfaidh an croidhe agus na h-aedheanna go mbéadh sé 'na ŕí ar an áit".
Pé áit 'na gcaithfidís an oidhche bhiodh airgead sa chúinne 'na ndiaidh. Sa tig na rabhadar oidhche áirighthe thug bean a' tighe an t-airgead fé ndeara is dubhairt sí leo teacht airís anocht. Tháinigheadar is d'fhanadar is gan fhios acu go raibh an t-airgead 'na ndiaidh sa chúinne.
Nuair a shíneadar siar bhíodar curtha agus d'fhanadar chómh fada san ann go raibh sé déanach ar maidin. Thugadar fé ndeara go raibh airgead ina ndiaidh san áit agus bhí ionghantas mór ortha. Cad na thaobh go raibh an t-airgead ann, bhíodar a rádh le na chéile agus dheineadar amach gur thugadar an t-éan do'n mhnaoi a thug bheith istigh dóibh. Bhíodar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Uí Cheárnaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Gairm bheatha
- Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí