Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Suíomh:
Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An tSr. Máire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 180

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 180

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Leathanach 180
  3. XML “Paidir Eile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fadó sar a raibh cairteacha acu, is de Shiubhal a gcos a theighidís ó áit go h-áit. Shiubhlaighidís ó'n áit seo go Tráigh-lí. Bhí bean ag diol seálanne agus d'éirigheadh sí le glaoidh an choiligh mar ní raibh cloganna acu. Bhí sí lá ag dul siar go Dún Caoin. Tá míle de bhóthar trid an gcnoc ó bhealach an Chlasaigh siar go Dún Caoin. Tá an áit san an-uaigneach. Bhuail an bhean léi agus dubhairt sí léi bheith ag rádh an paidir sin:
    Aiste deineadh do Chríost
    Agus gan É ach mí Fé bhruinn a Máthar,
    Cuirim-se an aiste sin idir me agus mo namhad.
    Mé do shaoradh agus do shábháil
    Agus an mead agus ar na bearta bróin
    Agus na tuataigh.
    Bhí sí ag rádh an phaidir sin agus shábháil an paidir í mar chonnaic sí droch-sprid, agus roimis sin is mó duine a mhairbh an sprid sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. paidreacha (~3,266)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Uí Cheárnaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    68
    Gairm bheatha
    Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí