Scoil: Luachair (uimhir rolla 10045)
- Suíomh:
- An Luachair, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Luachair
- XML Leathanach 093
- XML “An tAoire Bó”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)A's uim fhéil Pádruig seadh do thógfainn de'n bhféar í
A daoine nách mé an seodh aca dá stolladh idir mná óga
A' a reacht a bhéith beó dá n-éaghmaig
2
A mhallaí bhig a ghamhain d'fhágais tinneas mór im'cheann
Do bhainnis-se mo mheabhair ins an t-saoghal díom
Ba ghile liom do chúm ná 'n sneachta geal sa gleann
A's ná an faoileann ar an dtonn dhá thréine
Sé mo léan fada dúbhach gan mé agus tú.
Ar bharr na dtonn dá thréine lán tuaibh
Gan bád gan lonn gan thuite
Agus chun calaith go dtabharfainn saor tú.
3
Mo mhallacht so go dteo d'aon réic eile im' shórt
Do d'íolfadh a bhó ná a chaoire
A's a liacht bean óg dár chaitheas riamh uirthi coróin
Ná tabharfhaidís dom óstúideacht na h-oidhche
A's ná fuil aon tig tabhairne ó aois go blárna
Ná as súd go Clár gheal Tuama
Ná fághad ostúideacht ó Mháire le céad is míle fáilte
As cead luíghe go lá chun suaimhnis.
4
Mo sheacht míle mallacht do'n té phósfadh sean duine
Le grádh dá chuid airgid coidhche
Agus gura seacht míle measa de'n té phósadh seanbhean
Le grádh dá ba ná dá chaoire
Is mór mór go mbhfearr liom maighre thiúin mhánla(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Gineáith
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Tomás Mac Gineáith
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Luachair, Co. Chiarraí