Scoil: Luachair (uimhir rolla 10045)

Suíomh:
An Luachair, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Ml. Ó Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0427, Leathanach 113

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0427, Leathanach 113

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Luachair
  2. XML Leathanach 113
  3. XML “Buachaill an Bhianna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    dhó dínnear do glaodhach air. Ní raibh aon ní ag teastáil ná fhéadach fear ná bean ainm a chuir air. Nuair a tháinig an oidhche do bhailígheadar timcheall air agus do nigheadar a agaidh agus a lámha agus a chosa agus do shochruigheadar leabaidh do go raibh éadaige air cómh geal le sneachta i slighe is gur mór an ionghadh mar codal sé an oidhche go samh. Do chaitheadar an Domhnach ag rinnce agus ag seinm ceóil agus ní raibh aon bhrón ortha nuair tháinig maidin Dia Luain.
    Do bhailig na daoine go léir timcheall agus do tosnuigheadar ag imtheacht go dtí Caisleán an fátaig agus Murchadha rómpa amach ar stáitse árd a bhí lasmuigh de'n caisleán. Do chuir sé stréach as agus gáire buile. Geibhim bolat Éireannac bheag annso ar seisean.Cad do thug annso thú a Mhurthaicín ar seisean. Thánas chun tú comhrac arsa Murchadha agus ní gheóbhair aon cailín óg le n-ithe indiu. Is fuirist aithint arsa an fáthac ná fuil aon chiall agat,is gearr an mhoill orm sa ar seisean do cholann bheag a thabhairt do éanlaithe an aer agus ainmhidhthe na talmhan. Bfhéidir arsa Murchadha go bhfuilir ag déanamh dearmhaid mhóir, bfhéidir gur bé do cholann féin a bheidh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádruig Raoghal
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 76
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Luachair, Co. Chiarraí