Scoil: Luachair (uimhir rolla 10045)

Suíomh:
An Luachair, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Ml. Ó Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0427, Leathanach 114

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0427, Leathanach 114

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Luachair
  2. XML Leathanach 114
  3. XML “Buachaill an Bhianna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ag na h-éanlaithe. Do chroch an fáthac é féin agus do tháinig ana bhuile air. Do dhruid sé síor coiscéim agus do dhein sé léim cun talamh agus do chrith an talamh fé. "Seadh" ar seisean ag déanamh fé Mhurchadha. Ciucha is fearr leat iomarascáil chruaidh chealagánta nó bheith ag gábhailt do claidhmhthe géara glasa i mbun sa mbárr as snaidheacha ar a céile.
    Níor thaithíoghas iomarascáil riamh ar seisean. Níl sé mar nós i nÉirinn. Ullamh tú féin mar sin cun cómhrach. Do dheineadar ar a céile fé mar déanfhadh dhá tharbh buile nó dhá seabhach ón bhfaill tréan. Do dheineadar talamh bhog de'n talamh chruaidh agus talamh chruaidh de'n talamh bhog. Do thugadar toibhreaca fíor uisge aníos tríd na clocha glasa. Bhíodar ag cómhrach ó sé a clog ar maidin go dtí dó dhéug. Annsan fuair Murchadha buntáiste air agus do bhain sé ceann de, as na trí cinn a bhí air. D'iarr sé sos cómhraic annsan. Do chuir na daoine go léir liugh suas gan é a thabhairt dó.
    Dubhairt sé go dtabharfhadh sé nóimeat do féachaint cad a bhí le rádh aige. Deinimíd síochán anois arsa an fáthach maireadsa gan an ceann seo atá dhíom. D'féadadh tusa bheith 'na rígh san rígheacht seo ar seisean.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádruig Raoghal
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 76
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Luachair, Co. Chiarraí