Scoil: Luachair (uimhir rolla 10045)
- Suíomh:
- An Luachair, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Luachair
- XML Leathanach 115
- XML “Buachaill an Bhianna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fhaid mhairfhir agus ní bheidh aon fhonn ormsa bean óg ná críona d'ithe arís. Níl aon ghnó d'ed rígeacht agamsa arsa Murchadha agus ní dhéanfhaidh do lúbaireacht an gnó duit. Cuir suas do ghárda láithreach ar seisean. Thosnuig an cómhrac arís i gceann uair a chluig bhí an t-arna ceann sgúabhtha dhé.
Do lorg sé sos cómhraic arís ach ní fhuair sé nóimeat. Is gearr go raibh an tríomhadh ceann leagaithe síos ar an talamh dhe agus do thuit sé fuair marbh. Bhí áthas an domhain ar na daoine go léir a bheith sgartha leis agus níorbh aon ionghadh é. Do thógadar Murchadha as a dtalamh ar a nguailinn agus do thugadar go dtí tig ósta é, áit go raibh fáilte roimis. Do mheaseadar go bpósfadh sé an bean a shábháil sé ach dubhairt sé gur fhágh sé cailín i n-Éirinn.
Dubhairt sé go gcaitfhead sé dul go h-Éirinn láithreach go raibh cogadh mór le thosnú ann. Do choimeádadar ar feadh míosa é agus ní raibh aon droch shaoghal aige. Chuir buachaill an bianna tríd an loc arís é agus tháinig sé abhaile saor sábhálta.Ainm an duine a bhfuaras an sgéal uaidh: Pádruig Raoghal.
A Sheoladh: Lúachair,Abhainn a' Scáil, Co. Ciarraidhe.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádruig Raoghal
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 76
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Luachair, Co. Chiarraí