Scoil: Luachair (uimhir rolla 10045)

Suíomh:
An Luachair, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Ml. Ó Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0427, Leathanach 142

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0427, Leathanach 142

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Luachair
  2. XML Leathanach 142
  3. XML “Sclábhaithe an Leitriúigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    sé pósta agus do bhí beirt mhac aige. Do bhí an droch-shaoghal ann an uair céadna. Dubhairt sé le'n a mhnaoí ná féadaidís aon saghas maireachtaint d'fhághail agus b'fhearra dhó dul ag obair i gConndae éigin eile go dtuilleadh sé ádhbhairín airgid. Do bhí sí sásta. D'imigh sé lá'r na mháireach agus níor stad sé gur bhuail sé Luimneach amach. Chuaidh sé isteach i dtigh feirmeóra agus dubhairt sé go raibh sé ag lorg oibre. "Geobhair obair" arsa an feirmeóir "má bhfuilir ábalta an obair a dhéanamh i gceart dom". "Déanfad mo dhícheall" ar seiseann. Dubhairt sé leis na ba a thiomáint agus iad do chuir taobh istigh de bhearna a bhí ar thaobh an bhóthair agus an bheárna a dhúnadh le clocha 'na dhiaidh. Chuaidh an feirmeóir ag feuchaint ar an mbearnadh féuchaint cionnus a bhí sé dúnta agus bhí ionghnadh air go raibh sé dúnta chómh maith san. Tháinig sé abhaile agus do dhein sé margadh leis fanamhaint ar feadh bliana. Ní bhfuair sé aon locht air i gcaitheamh na bliana.
    Dubhairt sé le'n a mháighistir annsan gur mithid dó dul abhaile chun a chlainne agus chun a mhná d'fheiscint. Do bhí an feirmeóir ana ghreadtha mar gheall ar an bhfear bheith ag imtheacht uaidh mar fear maith do b'eadh é. Dubhairt sé leis fanamhaint ar feadh bliana eile agus go
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0910B: The Servant's Good Counsels
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádruig Raoghal
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 78
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Luachair, Co. Chiarraí