School: Luachair (roll number 10045)
- Location:
- Lougher, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Luachair
- XML Page 142
- XML “Sclábhaithe an Leitriúigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé pósta agus do bhí beirt mhac aige. Do bhí an droch-shaoghal ann an uair céadna. Dubhairt sé le'n a mhnaoí ná féadaidís aon saghas maireachtaint d'fhághail agus b'fhearra dhó dul ag obair i gConndae éigin eile go dtuilleadh sé ádhbhairín airgid. Do bhí sí sásta. D'imigh sé lá'r na mháireach agus níor stad sé gur bhuail sé Luimneach amach. Chuaidh sé isteach i dtigh feirmeóra agus dubhairt sé go raibh sé ag lorg oibre. "Geobhair obair" arsa an feirmeóir "má bhfuilir ábalta an obair a dhéanamh i gceart dom". "Déanfad mo dhícheall" ar seiseann. Dubhairt sé leis na ba a thiomáint agus iad do chuir taobh istigh de bhearna a bhí ar thaobh an bhóthair agus an bheárna a dhúnadh le clocha 'na dhiaidh. Chuaidh an feirmeóir ag feuchaint ar an mbearnadh féuchaint cionnus a bhí sé dúnta agus bhí ionghnadh air go raibh sé dúnta chómh maith san. Tháinig sé abhaile agus do dhein sé margadh leis fanamhaint ar feadh bliana. Ní bhfuair sé aon locht air i gcaitheamh na bliana.
Dubhairt sé le'n a mháighistir annsan gur mithid dó dul abhaile chun a chlainne agus chun a mhná d'fheiscint. Do bhí an feirmeóir ana ghreadtha mar gheall ar an bhfear bheith ag imtheacht uaidh mar fear maith do b'eadh é. Dubhairt sé leis fanamhaint ar feadh bliana eile agus go(continues on next page)- Informant
- Pádruig Raoghal
- Gender
- Male
- Age
- c. 78
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Lougher, Co. Kerry