Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Págánach do b'eadh Crom- dubh agus chualamair gur thall i nGleann na h-Úmha a mhair sé. Núair a bhí an sáipéal beag atá thíar insan roilig á thógaint bhí sé ana mhór leis an sagart a bhí ag cur an tsáipéil súas. Thug sé tarbh mór don sagart agus mórán málaí cruitneachtain chun iad a mheilt agus arán a dhéanamh dos na fearaibh a bhí a' thógaint an tsáipéil. Annsan bhúail éad leis a' sagart é , agus d'órdaig sé don sagart é dhíol as an tarbh a thug sé do; agus a chuid arbhair. Dúbhairt an sagart leis teacht go n-díolfadh sé é agus mheas sé go bhfuigheadh sé mórán airgid ach ní raibh aon airgead ge'n sagart bocht le thabhairt do. Fúair an sagart meadh mór agus do scríobh sé an "t-Abhé Máire" i mblúire beag páipéir. Chuir sé an páipéar isteach san mhídh mhóir, agus Chrom-(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighid Ní Loingsigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí