Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dubh a feachaint air agus do bhúail sé an tarbh isteach 'na dhiaidh agus do bhúail sé na málaí arbhair in-éinfeacht leis an dtarbh agus níor corraig sé an mheadh. Núair chonnaic Crom-Dubh an sámpla do chaith sé é féin anúas ar a dhá ghlúin agus d'umhlaidh sé go dtí an talamh agus do loirg sé párdún ar Dhia agus ar an sagart agus "Domhnach Crom-Dubh" an Domnach deireannach d'Iúl agus sin é an chíall gur ghlaodhadh "Domnach Crom- Dubh" air. Tugtar turas a teampail. Deireann siad "Creidim i nDia" agus trí "Ábhé Máire". Imtheann siad tímpeall na roilige agus deireann siad faid a bhíonn siad ag imtheacht tímpeall deireann siad "Coróin Mhuire" agus deineann siad é sin trí h-uaraibh agus annsan téigheann siad isteach insa seana-sáipeal agus deireann siad Coróin Mhuire eile i bhaineann leis na mairbh.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighid Ní Loingsigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí