School: Baile Uí Dhuibhne
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)chuir sé an fear sa cheann ba shia isteach aca, agus thug sé an Corp Naomhtha 'na láimh do. Thug an Diabhal fé bhreith ar an bhfear. Chuir sé an bogha-sín isteach do. Chuir sé an tarna ceann de. Nuair chonnaic an fear Diabhal ag teacht chómh cómhangrach san do, do thuit an Corp Naomhtha as a láimh ar an dtalamh. San áit gur thuit an Corp Naomhtha do d'íth Sé idir cré is uile. D'fhiarr an Sagart annsan ar an nDiabhal cad a dhein Diabhal do. "Do mharbhuigheas tinncéir," arsa an Diabhal. "Ní h-é sin a dhein Diabhal díot" arsa an Sagart. "Do mharbhuigheas dhá thinncéir", arsa an Diabhal. "Ní hé sin leis a dhein Diabhal díot" arsa an Sagart. "Do mharbhuigheas bean go raibh leanbh ar iompar aici"(continues on next page)