Scoil: Dubhghlas (B.)
- Suíomh:
- An Dúghlaise, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Mac Giolla Phádraig
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhghlas (B.)
- XML Leathanach 263
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Tráthnóinín aoibhinn m'im shuidhe cois na leacan do chonnac-sa mo bhuachaillí ' gluaiseacht chun seatha...”
Siobhán ní Larfhaite a dhein an píosa seo leanas.
bhí féith na filíochta fúithe 7 bhíodh sí ag gabháil timcheall na háite ag sníomh.
Ag Rae an Chait d’imrigheadh an chluiche seo suas le trí fichid blian ó soinSíle Ní Raghallaigh d’athris dom é.
Trathnóinín aoibhinn m’im shuidhe cois na leacan, Do chonnac-sa mo bhuachaillí 'gluiseacht cun reatha, Do bhuaileadar suas í fé uachtar an bhaile, Do chuireadar á mbádhadh iad i muing báidhte ‘sa bpuill maidí.Do ghluaiseadar inuas chúghainn go h-uasal mear tapaidh, Lasad ‘na ngruadhanna agus gan iad do ghéilleadh bheith marbh, D’fhiafhruighead ar dinn-ne cár fhágmair na fearaibh D’fhágamair shuas iad ag glaodach ar na sagairt.Tháinig crampaí ‘na nglúnaibh 7 d’alt suas a n-alta, Thuit allus ar a súile mar thuitfeadh an sneachta, Ní hé an leamhnacht úd d’óladar ná an tae bríoghmhar mar mheasaim, Ach an braoinín blátaighe leis na prátai.Tháinig an smóilín ar dath-bhláth an aitinn, Ag féachaint ar na trean-fhir do bhí gléasta chun reatha, An iad san trúp Éilion ón nGréig chúghainn do thaisteal, Nó mór-shluaighthe na Féinne, nár tréigh riamh lán catha.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tadhg Ó Raghallaigh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Síle Ní Raghallaigh
- Inscne
- Baineann