School: Curry (C.) (roll number 12067)
- Location:
- An Choraidh, Co. Shligigh
- Teacher: Bean Uí Chaomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Curry (C.)
- XML Page 0597
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí naomh ann fadó agus chuaidh sé isteach sa gcoill, scríob rúta de’n choill é agus bhain sé plannc muar amach as a colpa. Thug sé abhaile leis é ar a bhais, agus rinne sé trí páirt dó, agus chuir sé isteach faoi bhéal trí soithighe é, smut faoi gach soitheach. Dubhairt sé le n-a mnaoi, ar a bás agus ar a beatha, go ceann trí mhí - nó ceithre - gan baint le haon tsaitheach aca sin, gan aon cur isteach a chuir orra. Dubhairt sí nach ndéanfadh.
Lá amháin nuair d’imthigh a fear céile ag fionnachoscairt dó féin, an dia mé gur thóg a’ bhean anáirde béal soithigh go mbeadh fhios aici cad a bhí fé - mar tá’n donas ar na mná - ba mhaith leo gach ní, cúntas a bheith aca air. Ní fheaca sí faic ach an blúire feóla. “Muise dith ort,” ar sise, “chuig bheith badarálta le bheith bhur dtógaint anáirde,” ghá scaoileadh anuas agus ghá fhágaint mar sin.
Nuair bhí an aimsear a cheap sé do’n t-soitheach. istigh, bhí sé thuas cois na teineadh agus dubhairt sé le na mnaoi dul síos agus béal soitheach a thógaint(continues on next page)- Collector
- Caitlín Níc Énrí
- Gender
- Female
- Informant
- Tom Paddy Johnnie
- Gender
- Male