Scoil: Castlerock N.S. (uimhir rolla 13242)
- Suíomh:
- Droim Mártain, Co. Shligigh
- Múinteoir: Frank Haran
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sin socruigh an fearín beith ag imteacht ach sul ar imthigh sé thug sé bronntanas dhá slait déag don fhear pósta. Chuir sé in iul dhó go raibh dáréag de dheabalaibh in a mnaoí chéile agus dá mbriseadh sé bata uirthí gach maidin ar fead dhá maidin déag go ndíbreóchadh sé na deabail aistí. Ar an gcéad maidin d'éirigh an fear. Dhruid sé na dóirse. Bhí doisín maidí droighean ceangailte suas aige" mar d;feicfeá beart slat. Tarraing sé ceann amac agus lasg sé a bhean chéile ar fud an tighe gur bhris sé an bata uirthí. Ar an dara maidin déag brideadh an maide seire uirthí agus aar an bpoinnte sin siud amac le dhá dheabhal déag. Taréis sin bhí inghean righ an domhain thoir in a mnaoí a' tige ar fógnamh.
- Bailitheoir
- Tomás Ó Cearbhall
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leitir Brón, Co. Shligigh