Scoil: Castlerock N.S. (uimhir rolla 13242)
- Suíomh:
- Droim Mártain, Co. Shligigh
- Múinteoir: Frank Haran
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Castlerock N.S.
- XML Leathanach 045
- XML “Cromail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Gréasaidhe bróg a b’ead Cromail i dtús a shaoghail agus bhí sé ráidhte faoi go n’éireóchadh sé go mbéadh sé ina fhear ab aoirde i nÉirinn nó i Sasana. An lá seo tháinig fear dúithche chuige agus d’fhága sé a mhiosúr aige le péire bróg a fhágháil. Nuair a mhothuigh sé go mbeadh Cromail ina fhear comhachtach chuir sé a lámh ina phóca agus thug sé sobharan buidhe dó gach páisde dá raibh i dtigh Cromail. Annsin d’fhiafraigh sé dhe Cromail cén uair a béadh na bróga déanta. “A leithead seo de lá,” arsa Cromail.
Tháinig an fear ar an am sin arís agus chuir sé a lámh in a phóca agus thug sé sobharan thart dó chuile páiste sa teach. “Ná bain pighin ar bith de’n fhear sin de barr na mbróg” arsa bean Cromail. “Sin fear ar fóghnamh, tá luach deich bpéire bróg tugtha aige dó na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Ó Cearbhall
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leitir Brón, Co. Shligigh