Scoil: Baile na hEaglaise (Chapeltown)
- Suíomh:
- Baile an tSéipéil, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó hAiniféin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fuaireas an Cúntas so thíos agus a lán eile ó Bhean Uí Pháircéir - née Brighid Ní Dhúnlaing a mhaireann fós go láidir i Liostrim. Do rugadh í 1862.
TOBAR na gCEANNTá an tobar so suidhte ar thaobh an bhóthair i Liostrim ag an gcrosaire a mbuaileann bóthar Lios-a-Dabhaig agus bóthar anuas ó Screathan le chéile ag Bun Cathair Áirde. Bhí an tobar laistig de claidhe an bhóthair ach níl le feiscint ann anois ach poll nó log sa talamh mar a raibh sé i bpáirc le Eóin Páircéir. Deir Bean Uí Pháircéir liom gurbhé a sean-athair fhéin a dhún an tobar toisg go raibh sé trim an uair sin mar gur dhein Billy Denny an talamh maite (?) leis a dhreineáil agus gur thriomaig san an tobar. Deir sí liom tréis í féin do phosadh nuair a bhí a fear féin ag dul ar aonach much go luath ar maidin go bhfaca sé bheirt bhan ar a nglúnaib laistig ag an tobar agus ná feaca sé aoinne riamh ó shoin ag teacht ann. Níl ceirt ná cros ná comhórtha eile le feiscint indiu cun a theasbáint go ndeintí turas ann -ach tá siad go léir cinnte go ndeintí an turas ann in allóid. Níl ach dachad bliadhain ó shoin ann ó bfeacha Eóin Paircéir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Ó hAiniféin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Trá Lí, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Pháircéir
- Ainmneacha eile
- Bean Uí Pháircéir
- Brigid Ní Dhúnlaing
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 73
- Seoladh
- Lios Troim, Co. Chiarraí