Scoil: Baile na hEaglaise (Chapeltown)
- Suíomh:
- Baile an tSéipéil, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó hAiniféin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an bheirt ban ag deunamh an turas ann. Tá a lán "Tobar na gCeann" ar fuaid na hÉireann dar ndóigh agus i dtaobh fath na h-aimne tá dhá innsint ar an sgeul.Deirtear liom gurbé cúis na h-aimne seo air ná an tobar so a bheith go h-iongantach chun aon ghalar a bhain leis an gceann do leigheas agus chuige sin amháin a thagaidís chun an tobair seo.An dara fáth ná gurbh amhlaidh a chuaidh triúr fear fé dhéin an tobair Oidhche Nodlag ag súil le fíon a dheunamh den uisge agus ná feacathas díobh air maidin ach na cinn agus iad istig sa tobar.Is deárbhataighe an céad sgeul.Níl aon eólas in aochor[?] ag an dream a tá eirighthe suas anois i dtaobh an tobair seo a bheith in aice leó.Tá ar thaobh an bhothair anois lasmuig den áit a raibh an tobar sean-choidéul a deineadh 1900 don Uachtarlann ach ní feudfaí fhagháil as riamh ach uisge salach agus b'éigin an cadéal a thabhairt suas. Ghaibh fear an treó lá agus iad á shunncáil agus dubhairt sé leó dá faighfí uisge as de brígh gur tobar beannuighthe a bhí laistig de Chlaidhe.
"Á" ars an té a bhí i mbun na h-oibre "Is fada uaidh a choméadfainn dá mbeadh fhios agam gur tobar beannuighthe a bhí ann."
Tá an coidéal diomháoin gan mhaith riamh ó shoin fé rud ba bhun leis.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Ó hAiniféin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Trá Lí, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Pháircéir
- Ainmneacha eile
- Bean Uí Pháircéir
- Brigid Ní Dhúnlaing
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 73
- Seoladh
- Lios Troim, Co. Chiarraí