Scoil: Moyderwell Convent of Mercy (uimhir rolla 13530)
- Suíomh:
- Tobar Mhaigh Dor, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)féín. Bhí sí ag obair ar feadh míosa ag briseadh cloch gan stad gan staonadh ó cúig a' chlog ar maidin go dtí a h-ocht is d'oidhche agus sé an túarastal a fúair sí ná deich bpinghne. Chúaidh sí annsan ag obair go dtí tig an tigearna talmhan agus sé a geibheadh sí annsan ná muga de min-choirce gach maidin. Dá mbeadh ós na daoine bochta mála mine d'fághail bheadh ortha dhámhála cruithneachtan a thabhairt do'n tighearna talmhan chun go bhfaighidís é. Ar deire do deineadh dlighe go gcaithfá gach leanbh a bhí o's cionn dhá bhlíaín a thógaint ó na mbaile féín. Do tógadh tigh mór na gcómhair sa Dainghean agus tig eile in Abha-na-Scáil. Annsan do thógadar na leanbhaí ó na máithreacha agus do chuireadar isteach ins na tigthibh móra sin íád. Ní leigtí aoinne dá muinntir ríamh chun íád dfeicsint agus deiread Brigide Dhearg gur chosamhail le sgata úan beag íad ag gol agus ag béicidh de ló is d'oidhche. Do geibhidís muga uisge agus píosa aráin gach maidean acht bhíodh na créátiúrí bochta ró lag chun é d'ithe. Dá toradh san do fúair na mílte díóbh bás. Dob é an t-athair Eóghan Ó Súilleabháin a bhí mar shagart paroisde sa Dainghean an úair sin agus tairéis fulang ar feadh trí blíana leis an droch úsaid sin do cuir sé an dlighe ar an ríaltas. D'eirig leis(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlís Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí