Scoil: Moyderwell Convent of Mercy (uimhir rolla 13530)
- Suíomh:
- Tobar Mhaigh Dor, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus do socruigheadh go sgaoilfí na leánbhaí bochta abhaile sé sin an méid díobh a mhar. Do bhí fear darb ainm Tomás Ó Cinéide agus bhí triúr leanbh leis ann acht níor tháinig abhaile leis acht duine amháin. Do shiubhal sé féin agus an garsún leis ón nDainghean. Tímcheall ceithre mhíle amach an mbaile bhí ciseach ar an mbóthar sé sin áit ana bhog ar fad. Do siúbhal an leanbh bocht istach sa chiseach agus do cheanghail sé ann. Do dhein a athair íarracht ar é do réidhteach agus is amhlaidh a cheanghail sé féín ann. Annsan do bhí an t-athair agus an mac sáidhte sa chiseach agus bhíodar ró lag chun íad féína a tharach as. Dfanadar annsan ceanghailte agus i gcionn cúpla úair a' chluig fúaireadar bás ann gan iongha gan aithrighe. Bhí bean bhocht eile agus chúaidh sí ag lorg déirce go dtí tig an tighearna talmhan. Núair a bhí sí ag dul isteach an doras do léím maistín de mhadra agus do bhain miotóg mór as a láimh. Bean ana charthanach dob eadh bean an tighearna talamhan. Fúair sí gráine salain agus do chimil sí leis an ngcneadh é. Chuir sí ceirt deas ghlan air. Annsan do thug sí císte aráin di. "Rith leat anois" ar sise, "mar má thagann fear an tighe isteach agus go bhfeiceann sé tú chuirfhidh sé d'fíachaibh ar na(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlís Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí