Scoil: Na Corráin (uimhir rolla 9938/9)
- Suíomh:
- Na Coirríní, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Cormac Ó Muircheartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Corráin
- XML Leathanach 154
- XML “Smachtú na Mná Boirbe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seana fhocal é, agus is fado, fado do ráidhte, "Go smachtuigeann gac aoinne an bhean bhorb acht an té go mbionn sí aige." Is annamh a sháruightear an seanafhocal, adeirtear, mara shárófí le sean-fhocal eile é, ach bhí fear amháin ann uair is do sháruig sé an sean-fhocal so, pé'r sa domhan scéal é, agus anois, a lucht éisteachta ar eagla go dtárlóchadh d'aoinne díbh-se, nár leagaidh Dia go dtárlóchadh, bheith i gcás an fhir seo scaoilim cugaibh an scéal fé mar a chuala féin é, agus má réidhtigheann sé libh mar sheift níl a bhac oraibh triall a bhaint aisti.
Feirmeóir mór-thábhachtach a bhí ann uair, go raibh muirgheal mhór ingean air, seisear nó mór-sheisear éigin, nó bféidir níos a' mhó. Cailíní maithe, ciallmhara, grástamhla, críochnamhla do beadh an seisear ba shine achu, ach níor mhar sin don té ab óige. Bramallóg mhí-reáireach, cheanndána do beadh í, go raibh an saoghal agus a muinntir féin tuirseach corrtha dhi. 's ná féadfadh an tuatha-dé-danann, ná an dá mhac Uilliam, na Árístotle féin cé gur mór le rádh é, aon cheart a bhaint di. Bhí a h-athair 's a driféaracha fe gad is fé smacht aici, is na comharsain cómh maith leó. Nuair d'eirigheadh uirthi, níor bhfearrde an tig nó an baile an clampar agus an t-achrann a tarraigeadh sí orta 's ná leomhfadh eagla d'aoinne cosg ná stop a chur lei, ná aon cuir's'teach a chur uirri ach cómh beag.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cormac Ó Muircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Coirríní, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Uí Chonchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- c. 30
- Seoladh
- Buaile Uí Chuill, Co. Chiarraí