School: Mín (roll number 13938)
- Location:
- An Tuairín Mór, Co. Chiarraí
- Teacher: -
![The Schools’ Collection, Volume 0450, Page 049](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0450%2FCBES_0450_049.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0450, Page 049
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín
- XML Page 049
- XML “Pátrún Cnoc na gCaiseal”
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tuirín a' Choic. As san amach aoinne a thagadh chun an phatrúin nó aoinne a biodh aon baint aige leis, chuirfí fé coinneal- bháth é. B'sin deire leis an bpatrún ar Thuirín a' Choic i bparoíste Cnoic na gCaiseal a cuireadh ar bun igcuimhne an naoimh a mhúin an soisgéal do muinntir Ciarraige thoir.
(no title) (continued)
“Tamall soir ó Tuirín a' Choic i bparóiste Brosna bhí féile d'ar ab ainm Seamas Ó Catháin ina chónaí timpeall 80 bliain ó shin.”
(continued from previous page)Tamall soir ó Tuairín a Chosc i bParróiste Brosna bhí féile dárab ainm Seumas Neamhurchóideach Ó Catháin ina chómhnuighe timcheall 8o bliain ó shoin. Is mó píosa deas filidheachta chúm sé ach cailleadh iad.Seo piosa do chum sé lá nuair a bhí a chroidhe ciapaithe cráidhte ó bheith ag múineadh suimiú nú addition dá mhacAddition do chealg as do chráidh do chroidhe
Addition ná beidh agatsa go dtéighir sa chill
Mar ní deocair an Mhucallach a thabairt ón gCoíll
Ná addition do chuir in acrann id mháinléad cínn."Is dócha ná raibh an mac san chomh dúr, ámhthacht, is cheap a athair. Lá cruaidh gaothmhar i mí Márta chuir an t-athair amach sa bhuaile é chun smután giúise do ghearradh. Níorbh fhada don mac amuich nuair d'fhill se arís agus bhí á ghoradh féin ag an teine. D'fhiafruigh an t-athair dhe go feargach 'dé chúis nár fhan se amuigh ag obair.Seo mar d'fhreagair an mac:-"bhí an ghaoth anoir 'dtuaidh
bhí fuacht ar mo chosa
bhí an smután cas-chruaidh
is bhí an tuagh ar bogadh"