School: Gníomh go Leith (B.) (roll number 1703)
- Location:
- Gníomh go Leith, Co. Chiarraí
- Teacher: Cormac Ó Laoghaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gníomh go Leith (B.)
- XML Page 345
- XML “Scéalta i dtaobh na bhFilí - Scéal i dtaobh Aodhgáin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó, ba ghnáthach leis na daoine barraillí Ime do chur go Corchaig le ndhíol. Dá bhrígh sin toisch gur feirmeóir Aodhgán do bhíodh na barraillí san go minich aige. Ach bhí dúil malluighthe san ól aige, agus nuair a théigheadh sé d'aon bhaile mór, ní thiochfhadh sé abhaile go dubh agus dall na h-oidhche, agus gan pingeann ruadh 'na phócha aige. Ach raghadh sé go gCorchaig an lá san ar ais, nó ar éigin. D'áteamah a cheile air fanamhaint abhaile,. ach ba mhar chéile é.
Ar mhaidin lae na bháireach, bhí a chéile na suidhe go moch. I gciom tamaillín do dhúisig sé féin. Ghlaodh sé ar a mhnaoí, agus dúbhairt sé le a ceann do sháthadh an fhuinneóg amach, féachaint cad é an saghas laé a bhí ann. Fan mar bhfiulir ar sise, mar beidh clagar againn. Cá bhfios duit, ar seisean. mar d'eirig an ghrían go moch, ar sise.
Do chuir an meisceóir cnead as. Ní dúbhairt sé fath ar feadh tamaill.Go hobann do chúm sé an dan so.
"Ná creid feannóg,
Ná creid fíach,
Ná creid fochal mná,
Más moch mall eireóchas an ghrían,
Sé mar is toil Dé a bhéas an lá."
D'eirig sé as an leabhaidh, agus as go bráth leis go(continues on next page)- Collector
- M. O Dálaigh
- Gender
- Male
- Address
- Gníomh go Leith, Co. Chiarraí
- Informant
- Bean Ui Mhuimhneacháin
- Gender
- Female
- Age
- 78
- Address
- Gníomh go Leith, Co. Chiarraí