School: Srón (roll number 9090)
- Location:
- An tSrón Bheag, Co. Chiarraí
- Teacher: Pádraig Mac Carrthaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Srón
- XML Page 108
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tá páirc mhór ar an dtáobh thiar den baile seo agus páirc na drocadíní a gláodtar air. Ní cuireann áoinne é mar deirtear dá cuireadh go gcaillfaide é féin nó duine éigin dá clann. Bhí fear in a cómhnaidhe insan baile seo fadó agus Seán Cáoc a gláodtí air. Fear ceann dána do bead é agus cuir sé an páirch. Ní raibh áon clann aige, agus taréis an páirc do cur cailleadh a bhean. Bhí sé i gcómhnaide in a háonar ansan, agus tháinig cathúghad air an páirc do cur, go mór mór núair imtigheachadh sé amach taréis na hoidhche tuitim cífheadh sé na daoine go léir ag imirt peile istig sa pháirc. Bhíodh eagla a croide air dul amach in áon cor ansan, agus bhíodh sé a dhíarraid búacaillí an bhaile teact cun a thíghe gach oidhche. Bhí fear in a cómhnaide ar an dtáobh eile den teórainn darbh ainm Domnall Ó Connbháth, agus deirtí go bhfeicfheadh sé na daoine maite, agus go raibh neart aige le draoideact éigin an teagla do coiméad úaid. Ní réithigeadh sé féin agus Seán nó mhaith go minich mar bhíodh na ba ag dul thar claide na teóran ortha agus bhíodh síad ag áirgeóaint. Oidhche amháin tibrigheadh do Seán go dtabharfhadh Domhnall leigheas dó ná bheadh sé ag fheiscint na daoine maithe,(continues on next page)
- Collector
- Pádraig Mac Carrthaigh
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Lios na gCeann, Co. Chiarraí
- Informant
- Brigid Bean Uí Loinnsigh
- Gender
- Female
- Age
- 60
- Address
- An Dúcharraig Bheag, Co. Chiarraí