Scoil: Srón (uimhir rolla 9090)

Suíomh:
An tSrón Bheag, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádraig Mac Carrthaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0452, Leathanach 109

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0452, Leathanach 109

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Srón
  2. XML Leathanach 109
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus ar lár na mbárach cúaid se go dtí Domhnall. Inis sé a scéal dó, agus fúair Domnall a pheann agus do scríob sé labharóinn dó. Cuir sé isteach i sparan dó é agus cuir sé an sparán timcheall a mhuinéil. Ná bíod báogal ort go bhfeicfid tú áón rud an fhaid a bheid é sin ar do mhuinéil agat. Tháinig Seán abhaile go sásta, agus núair a cúaid sé amach ag tiomáint na mbó san oidhche tháinig an teagla ceadhna air, agus do connaich sé na daoine ag imirt sa pháirc arís. Ní raibh Seán ábalta léigheamh in áon cor agus bhí fhios maith ag Domhnall ná raibh. Do rith Seán isteach sa tig arís agus eagla a dhóithin air. Ní raibh sé abhfad istig núair bhúail búacaill isteach cuige ag scoiridheact. Thóg Seán an paipéar ón sparán agus shín sé cun an búacalla é leigheamh. Léig an búacaill mar leannac. "Leabaróinn a scríobaimh duit. Gan bríg dhuit gan tairbhighthe
    "Púcaí 'gus síofraide 'gus síoraide gabhail raide dhuit.
    Sprideanna is góstanna i gcómnaide ar gach taobh díot.
    Agus púca led thóin núair is dóich leat nách baogal duit"
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Mac Carrthaigh
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Lios na gCeann, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Brigid Bean Uí Loinnsigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    60
    Seoladh
    An Dúcharraig Bheag, Co. Chiarraí